top of page

Deiseanna a ghoid ó pháistí

2 hours ago
4 min read


A CHAIRDE, an mhí seo, theipfidh orm an colún seo a choinneáil dearfach, mar a dhéanaim iarracht a bheith. Déanfaidh mé iarracht, áfach, gan an fhearg ar fad a bhraithaim a léiriú go hiomlán—fearg a d’eascair as an scéal le déanaí go bhfuil ‘achainí imní’—nó ‘a petition of concern’—curtha chun cinn ag an DUP i sa Tionól i Stormont, d’fhonn bac a chur ar reachtaíocht atá beartaithe maidir le hoideachas trí mheán na Gaeilge.


Dá n-éireodh leis an mbille seo, a chuir ball de Thionól Thuaisceart Éireann ó Shinn Féin chun cinn, bheadh ar an Roinn Oideachais sa Tuaisceart plean fórsa saothair a ullmhú do scoileanna sa earnáil sin.


Deir an DUP gur cuid dá bhfreagra ar ‘uaibhreachas’ Shinn Féin í an achainí seo, i gcomhthéacs na díospóireachta faoi mhórshiúlta Drum Crí ar na mallaibh. Dúirt an DUP go raibh siad ag iarraidh ‘a chinntiú go gcoinnítear uaibhreachas Shinn Féin faoi smacht’... trí thacaíocht a bhaint den oideachas. Ní thiocfadh leat é a chreidiúint fiú.


Chun ‘achainí imní’ a chur chun cinn, tá gá le sínithe ó 30 ball de Thionól, as dhá pháirtí ar a laghad agus tá an UUP agus an TUV tar éis tacú leis an gcéim seo.


Má úsáidtear “achainí imní” le ceist ar leith, ciallaíonn sé go dteastaíonn tacaíocht thrasphobail—ó thromlach na nAontachtach agus ó thromlach na Náisiúnaithe sa Tionól araon—chun go rithfí an vóta.


Ceapadh an córas seo mar mheicníocht chun mionlaigh a chosaint. Mar sin, is mí-úsáid dochreidte ar an sásra sin é an bealach a bhfuil siad á úsáid anois.


Mar a dúirt Pat Sheehan ó Shinn Féin: "Tá beart cosanta, a bhí ceaptha chun mionlaigh a chosaint, á chasadh anois i gcoinne páistí a fhaigheann oideachas trí mheán teanga mionlaigh."


Mar a dúirt daoine eile, níl anseo i ndáiríre ach réamhchlaonadh in aghaidh na Gaeilge agus féiniúlacht Éireannach/Gaelach. D’éileodh an dlí atá beartaithe ar an Roinn Oideachais ‘pleanáil cheart’ a dhéanamh chun freastal ar riachtanais scoileanna lán-Ghaeilge.


Mar a pléadh arís agus arís eile, ní hé cuspóir an oideachais lán-Ghaeilge—ná an bhille seo—buntáiste a thabhairt d’earnáil amháin thar earnáil eile, ina áit sin, tá sé mar aidhm aige aghaidh a thabhairt ar bhearnaí sa soláthar, agus ‘a chinntiú go mbeidh na deiseanna céanna ar fáil do pháistí agus do theaghlaigh a roghnaíonn oideachas lán-Ghaeilge.’


Léirigh tuarascáil ón Aontas Eorpach le déanaí go bhfuil bearnaí ann maidir le soláthar an oideachais lán-Ghaeilge sa Tuaisceart. Shílfeá go mbeadh soláthar an oideachais do dhaoine óga thar a bheith tábhachtach—thar aon aighneas beag polaitiúil idir páirtithe—ach faraor, ní hamhlaidh atá nuair a bhíonn leithéidí an DUP i gceist!


An gá fiú a rá nár cheart riachtanais oideachais páistí a tharraingt isteach i ndíospóireachtaí polaitiúla níos leithne?


B’fhéidir gurbh é Eóin Tennyson, an Comhalta den Tionól (MLA) ón gComhghuaillíocht (Alliance Party), a chuir an scéal i gceart nuair a dúirt sé: “Is deacair a shamhlú cé chomh leochaileach is atá tuiscint Gavin Robinson ar a fhéiniúlacht féin, má bhraitheann sé faoi bhagairt ag páistí a fhaigheann oideachas trí mheán na Gaeilge.”


Ba cheart go mbeadh náire air agus orthu uilig!


Faraor, ní amháin na hAontachaithe nach bhfuil ag tabhairt cothrom na Fhéinne don Gaeloideachas. Léigh mé ar na mallaibh scéal ó chontae an Chabhán. Comhairleoir contae ansin ag gearán faoin moratoir ar bhunú gaelscoileanna agus gaelcholáistí úra sa stát.


Mar shampla, níl ach gaelscoil amháin i gcontae an Chabháin—creid é nó nach creid—fiú gur léirigh thorthaí suirbhé a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais iad féin , cúpla mí ó shin, go roghnódh 25% de thuismitheoirí an stáit Gaelscoil dá bpáistí dá mbeadh an rogha sin acu. B’ionann sin agus éileamh do 16 Gaelscoil sa gCabhán.


Níl gaelcholáiste ar bith sa Chabhán, ná aonad Gaeilge in aon iar-bhunscoil sa chontae. Nach uafásach an difear sin idir cibé atá le fáil agus an éileamh.


De réir an comhairleoir seo, is ionann na rialacha atá i bhfeidhm san am i láthair agus bc ar bhunú gaelscoileanna agus gaelcholáistí úra, cé nach bhfuil bac ‘oifigiúil’ i bhfeidhm ag an rialtas.


Bíonn an fhadhb seo le feiceáil arís agus arís nuair a bhíonn pobail ag iarraidh gaelscoil nó gaelcholáiste dóibh féin. Ceart go leor, glactar nach bhfuil bac oifigiúil i bhfeidhm ach is amhlaidh é ná go bhfuil ceann ann ar scór ar bith.


Tá sé soiléir nach bhfuil na pobail seo ag iarraidh ar an Roinn Oideachais an obair a dhéanamh dóibh ach díreach go bhfuil siad ag iarraidh ar na hoifigigh ón Roinn ‘imeacht as an bhealach.’ Nach bhfuil sin rud dochreidte a léigh?


Caithfidh an rialtas a chinntiú go mbeadh an deis agus an ceart ag gach páiste freastal ar Ghaelscoil.


Tá tascfhórsa ag an Roinn Oideachais ag amharc ar oideachas lán-Ghaeilge ach tháinig sé amach go mbeidh moill ar na moltaí ón ghrúpa sin. Bíonn ar an Gaeloideachas fanacht i gcónaí de réir dealraimh, ó Thuaidh agus ó Dheas, agus níl sin ceart ar chor ar bith.


Tá seans againn, seans iontach, sochaí dhátheangach a bheith againn in Éirinn—samhlaigh ar sin—ach caithfidh muid gníomhú anois chun sin a fháil.


Caithfidh muid—ar a laghad—a bheith níos fearr ná an DUP!

Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in



Comments


Commenting on this post isn't available anymore. Contact the site owner for more info.
  • White Facebook Icon

© 2025 by The Irish Voice

bottom of page