‘Mol an óige agus tiocfadh siad’
- Éimhín Ó Dunaigh
- 7 days ago
- 4 min read

‘MOL an óige agus tiocfadh siad,’ sin a deir an seanfhocal i nGaeilge. Seanfhocal a bhíonn ar m’intinn thart fán am seo achan bliain agus muid ag ullmhú fá choinne Campa Samhraidh Chonradh na Gaeilge Glaschú (ceart). Thig linn an seanfhocal sin a úsáid i gcomhthéacs ar bith, is dócha, ach déarfainn go bhfuil sé ríthábhachtach nuair a tháthar ag caint maidir le teanga, oidhreacht agus féiniúlacht.
Seo rud a bhíonn ar m’intinn go minic nuair a smaoiním ar stádas na Gaeilge. Tá a fhios againn go bhfuil a lán fadhbanna ann maidir le stádas na Gaeilge ach rud mór a thugann dóchas domhsa ná stádas na Gaeilge i measc na daoine óga. B’fhéidir nach bhfuil an ceart iomlán agam, seans go bhfuil mé ródhóchasach faoi seo, ach mothaím go bhfuil meon na hóige, ó thaobh na Gaeilge de, i bhfad níos fearr agus níos dearfaí ná mar a bhí nuair a bhí mise óg—ach sin fadó, fadó in Éirinn, ar ndóigh!
Scríobh mé anseo cheana ó am go ham go léiríonn suirbhéanna le blianta beaga anuas go mbíonn tromlach mór, 70%+, in Éirinn—seo sna 26 contae ar scór ar bith—atá dearcadh dearfach acu i leith na teanga. Níos fearr arís, bíonn na figiúirí níos airde fós i measc daoine óga.
Nuair a bhí mé féin ar scoil bhí sé go hiomlán difriúil, i mo thaithí féin ar scór ar bith. Ar ais ansin mothaíodh go forleathan gur rud sean-aimseartha í an teanga—rud fá choinne na seandaoine amháin. Is rud fíorbhrónach é ag amharc ar ais ag an am sin, chun an fhírinne a rá.
Níl sin fíor níós mó áfach. Tá an teanga ‘cúlaithe’ anois do dhaoine óga agus tá sí mar sin le 10+ bliain, déarfainn. Cúis mhór san athrú meon sin is ea TG4 gan aon dabht. Bheadh sé deacair áibhéil a dhéanamh cé chomh tábhachtach agus atá sé cláracha i nGaeilge a fheiceáil ar gach gné den saol, go háirithe iad siúd atá dírithe ar dhaoine óga, seónna faoi cheol nua-aimseartha, faisean, ‘cúrsaí rómánsúil’ agus a leithéid—gnáthchúrsaí an saol do dhaoine óga. Cuir iad siúd lena gcuid cláracha ar ardchaighdeán i nGaeilge atá dírithe ar pháistí níos óige agus thug sé íomhá dhearfach, nua-aimseartha ar fáil ar an teanga do dhaoine óga, rud nach raibh ann 30+ bliain ó shin. Ma tá páistí óga agat caith súil ar cula4 fá choinne cláracha spreagúil agus spraoiúil. Tá Spongebob agus Shrek le fail i Gaeilge na laetanta se—agus neach meanár dúinn sin?
Tá ról dearfach fiú ag na mheáin shóisialta san athrú seo fosta. Cá huair an uair deireanach a chuala tú ‘na mheáin shóisialta’ agus ‘ról dearfach’ san abairt céanna? Ta an Ghaeilge iontach infheicthe ar TikTok agus a leithéid. Feiceann muid daoine cosúil le Paul Mescal ag caint i nGaeilge, bíonn scannáin ard-chaighdeánach sa Ghaeilge ag teacht amach go rialta anois agus ag fáil aitheantas idirnáisiúnta.
An dtig liom scríobh ar an ábhar seo gan ainm Kneecap a luaigh? Ní thig liom. Theip orm ar an chéad iarracht beagnach! Chun a bheith dáiríre, is cinnte go bhfuil páirt tábhachtach acu sa mhéadú suim sa Ghaeilge san aos óg le déanaí. Dá mbeifeá ag iarraidh níos mó ceoil nua-aimseartha a chloisteail i nGaeilge mholfainn Dysania agus IMLÉ duit fosta.
Ag labhairt le mo neachtanna agus nianna sa bhaile, tá roinnt cairde acu atá ag freastal ar Ghaelscoileanna—ní raibh sé seo amhlaidh ar chor ar bith i mo chuid ama féin. Tá glúin óg ar fad ann a bhfuil sé seo mar rud gnáthúil dóibh anois.
An t-athrú domhain é seo nó rud baoth/fánach é? Cá bhfios ach bheinn dóchasach.
Chun an óige in Albain a spreagadh chuig an Ghaeilge tá Conradh na Gaeilge Glaschú, thar a bheith sásta gur mbíonn muid in ann ár gCultúr Club seachtainiúil a chur ar fáil chomh maith lenár gCampa Samhraidh a bheidh ar siúl go luath. Tá an club seo agus an campa dírithe ar pháistí in aois bunscoile. Tá sé mar aidhm ag an Chultúr Club agus ag an Champa araon gníomhaíochtaí spraíúla éagsúla a chur ar fáil mar ealaín, ceol, amhráin, damhsa, cluichí agus spórt do pháistí agus trí na gníomhaíochtaí seo cabhair a thabhairt dóibh roinnt Gaeilge a fhoghlaim ach fosta foghlaim faoi chultúr na hÉireann e.g. ár dtraidisiúin Shamhna nó ár spórt Gaelach.
Bíonn an Cultúr Club ar siúl go seachtainiúil ar an Domhnach 12.45-2.15, i Halla Naomh Colmcille i lár Gleann Ruadh. Faoin am a bheidh The Irish Voice na míosa seo foilsithe beidh muid críochnaithe fá choinne saoire an tsamhraidh ach beidh an Club ar ais arís i mí an Mheán Fómhair, níos fearr ná riamh!
Idir an dá linn, ná bí buartha, leanann an craic ar aghaidh mar beidh ár gCampa Samhraidh ar siúl ó Luan an 7ú Iúil go dtí Dé hAoine an 11ú, 10.30-2.30, arís i Halla Naomh Colmcille i Gleann Ruadh. Bí i dteagmháil liom trí cnag_glaschu@hotmail.com nó 07866453708 thíos chun tuilleadh eolais a fháil agus chun clárú. Ní féidir linn fanacht leis an chraic ar fad!
Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in
Comments