top of page

Snáithe a nascann le chéile muid



INA CÉAD teachtaireacht Lá Fhéile Pádraig mar uachtarán na hÉireann, dúirt an tUachtarán Catherine Connolly gurb í ‘An Ghaeilge a fhíonn le chéile cultúr, oidhreacht agus féiniúlacht mhuintir na hÉireann.’


“Is í ár dteanga a fhíonn na tréithe seo ar fad le chéile agus a shaibhríonn ár saol,” a dúirt sí ina teachtaireacht dhátheangach.


Chun dul ar seachrán ar feadh bomaite, samhlaigh ar Heather Humphries san Áras agus í, gan ach cúpla focal i nGaeilge aici, agus an sórt teachtaireacht a bheadh aici ar ár lá náisiúnta. Ní bheadh tús áite ag an Ghaeilge ann, thiocfadh linn a bheith cinnte faoi sin ar scór ar bith. Chun míthuiscint a sheachaint, ní dearfainn riamh gur riachtanas í an Ghaeilge a bheith agat chun a bheith i d’Éireannach ach chun an bheith i d’uachtarán na tíre? Sin scéal eile.


Luaigh an t-uachtarán go dtugann an Ghaeilge tuiscint dúinn ar logainmneacha agus sloinnte ár dtíre. Scríobh mé faoi na naisc seo anseo níos mó ná uair amháin thar na blianta, tá a fhios agaibh—b’fhéidir go bhfuil sibh dubh dóite á léamh sin uaim déarfainn! Ní ghabhaim mo leithscéal faoi seo áfach, is smaoineamh nó coincheap fíorthábhachtach é, i mo bharúil féin.


Mar a dúirt Uachtarán Connolly, is ‘nasc dobhriste lenár sinsir’ í an Ghaeilge agus, dár liom, go minic is iad ár logainmneacha agus sloinnte na bealaí is soiléire chun na naisc sin a fheiceáil sa saol laethúil.


Fríd na rudaí sin agus i go leor bealaí eile tugann an Ghaeilge ‘léargas agus tuiscint níos doimhne dúinn faoinár stair,’ mar a dúirt an t-uachtarán—sin tuiscint ní amháin ar stair na tíre ach ar ár stair pearsanta fosta.


Luaigh sí an spreagadh agus an inspioráid a fhaigheann ‘ár gceoltóirí, filí, scríbhneoirí, aisteoirí, agus ealaíontóirí ó tobar saibhir na Gaeilge.’


Tá clú agus caill ar na hÉireannaigh ar fud na cruinne mar scéalaí agus fiú mar dhéanann muid sin trí mheáin an Bhéarla níos minice na laethanta seo, ní aon dabht ann ach go dtagann an tréithe seo ón am in a raibh an Ghaeilge ach gach duine sa tír. Ár dtraidisiún scéalaíochta, bhuel, is foinse láidir í an Gaeilge don traidisiún sin, níl aon amhras faoi sin.


Roimhe seo—ina feachtas agus i ndiaidh an toghchán fosta—dúirt an tUachtaran go mbeadh an Ghaeilge mar teanga oibre san Áras i rith a tearma. Mar sin ní focail bréige atá ina teachtaireacht, tá sí ag cur i bhfeidhm, ó lá go lá agus i mbealach praiticiúil, a cuid meas don Ghaeilge.


Fuair mise spreagadh agus inspioráid ó sin a fheiceáil agus a bheith ag éisteacht leis a teachtaireacht sin ar Lá Fhéile Pádraig, caithfidh mé a rá. Sna laethanta dorcha seo, seo an sórt ceannasaíocht atá de dhíth sa domhan, nach ea?


Ag leanúint leis an dea-nuacht, bhí mé breá sásta a chloisteail torthaí an reifrinn a bhí ar siúl in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, ar na mallaibh—reifrinn faoi stádas na Gaeilge san ollscoil, ar chomharthaíocht na hollscoile ach go háirithe. Chaith 92% vóta ar son an rúin go gcuirfí an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla ar chomharthaí na hollscoile.


Creid e nó na creid, bhí chomharthaíocht dhátheangach san ollscoil do dtí gur tógadh anuas an chomharthaíocht seo i 1997. Nach bhfuil sin dochreidte a léamh? Bhuel, ag smaoineamh ar an Tuaisceart, is dócha go bhfuil sé furasta go leor a chreidiúint ag an am céanna.


Mar a dúirt urlabhraí de chuid an Chumainn Ghaelaigh in Ollscoil na Banríona: “Leanann an Ghaeilge uirthi ag fás agus ag forbairt ar fud na sochaí, ag cur le saol gach duine a mbíonn teagmháil acu léi.”


Ní amháin chomharthaíocht a bhí i gceist sa reifrinn ach fosta, anois, chuirfeadh iachall ar Aontas na Mac Léinn éileamh a dhéanamh ar údaráis na hollscoile ar son cearta teanga agus chun forbairt agus cur i bhfeidhm ‘polasaí cuimsitheach Gaeilge’ don ollscoil.


Seo céim mhór i bhfeachtas chun meas ceart a thabhairt don Ghaeilge san ollscoil sin in ainneoin an mionlach beag atá go hiomlán i gcoinne na Gaeilge. Sílim go ndeanann muid dearmad, in amanna, ar an mhéid diúltachas a bhíonn le feiceáil agus le cloisteáil faoin Ghaeilge sa Thuaisceart ón mhionlach seo.


Mar sin, moladh mór do gach duine a rinne eacht mór chun an bua seo a fháil don Ghaeilge.


Is ábhar dóchais é an bua seo, mar atá i teachtaireacht an uachtarán agus bíonn giota beag dóchas uainn na laethanta seo, nach mbíonn? Tabhair aire.


Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in



Comments


Commenting on this post isn't available anymore. Contact the site owner for more info.
  • White Facebook Icon

© 2025 by The Irish Voice

bottom of page