top of page

An Ghaeilge agus polaitíocht



BHUEL, a chairde, tá súil agam go raibh craic agaibh thart fá Lá Fhéile Pádraig, cíbe rud a rinne sibh agus cíbe áit ina raibh sibh. Tá mé féin tuirseach tréigthe ar scór ar bith i ndiadhníos mó ná coicíse d’imeachtaí i rith Féile Pádraig Ghlaschú ach b’fhiú é mar bhí sé dochreidte maith a bheith ag ceiliúradh na Gaeilge an ár gcultúr agus ár n-oidhreacht le chéile. Míle buíochas ag gabháil le gach duine a d’fhreastal ar imeacht ar bith i rith na Féile i nGlaschú agus na daoine, ceoltóirí, grúpaí agus eile a ghlac páirt ann. Táim ag súil go mór le Féile Pádraig 2027 cheana féin!


Tháinig nuacht suimiúil amach as Ard Fheis Chonradh na Gaeilge, a bhí ar siúl san óstán Europa i mBéal Feirste ag deireadh mí Feabhra. Chomh maith le himeachtaí eile , ag an Ard Fheis bíonn rúin ag dul os comhair na thoscairí. Is annamh, b’fhéidir, a bhíonn rud ríchonspoideach i gceist—ach seans nach n-aontaíonn gach duine le sin fiú—ach is cinnte go raibh cúrsaí níos suimiúla ag an Ard Fheis seo.


Ritheadh rún stairiúil ag an Ard-Fheis I mbliana a d’athraigh bunreacht na heagraíochta agus a thug cuspóir don eagraíocht ‘gníomhú i dtreo Éire Aontaithe.’


Bhí formhór thoscairí na hArd-Fheise go mór i bhfabhar leis na rúin seo—bhí trí cinn ann—ach bhí daoine ann a bhí ina aghaidh, ár ndóighe. Na daoine a labhair I gcoinne na rúin seo , bhí siad ag rá go gcuirfeadh a leithéid de rún daoine ó chúlraí áirithe ó dhoras agus chun a bheith díreach anseo, bhí siad ag caint faoi daoine ó chúlra Aontachtach anseo, ach thig leat daoine ó thuaidh a thugann a gcuid tacaíocht don pháirtí Alliance san aíreamh fosta. Fosta dúradh nár cheart go mbeadh seasamh polaitiúil ag an gConradh go ginearálta agus an mhórphointe eile a bhí le cloisteáil ná go bhféadfadh sé go mbeadh maoiniú an Chonartha ón eagraíocht trasteorann, Foras na Gaeilge i mbaol dá nglacfaí leis an gcuspóir nua.


Agus cad é faoi iad siúd a vótáil i bhfabhar na rúin seo agus an athrú mór? Bhuel de réir tuairisc.ie Dúirt Róisín NicLiam go gcaitheann muintir an Tuaisceart ‘fanacht ar bheannacht Rí Shasana’ le cearta teanga a fháil agus nach mbeadh aon ghlacadh ag na baill a tháinig as Corcaigh, Gaillimh ná Baile Átha Cliath leis sin ina gceantar féin. Dúirt sí gurbh é ‘athaontú na tíre an t-aon leigheas ar an scéal sin agus gur chóir tacú leis na rúin.’ Dúirt duine eile go léireodh baill Chonradh na Gaeilge do mhuintir an Tuaiscirt ‘gur cuma leis an Chonradh’ faoina gcás mura nglacfaí leis na rúin. Nach argóintí láidir iad sin agus cinn deacair dul i gcoinne?.


Bhí daoine eile sa díospóireacht a bhí ag rá go mbeadh impleachtaí móra ann cíbe toradh a bheadh ar an vótáil agus mar sin bheadh sé níos fearr na rúin a tharraingt siar agus tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar an cheist. Níor glacadh leis an moladh sin agus tuigim sin. Tá coistí sa Chonradh ag plé an cheist seo le níos mó ná cúig bhliana anois, i ndiaidh na hArd-Fheise i 2019.


Deir roinnt daoine gur bunaíodh Conradh na Gaeilge mar eagraíocht chultúrtha neamhpholaitiúil ach an féidir an Ghaeilge a scaradh ón pholaitíocht?


Is dócha an rud atá i gceist anseo na teannas idir ‘náisiúnachas cultúir’ agus an ‘náisiúnachas polaitiúil.’ Tá sin le feiceáil i stair na heagraíochta thar na blianta—tá clú agus cáil ar an scaradh a tharlaigh ag an Ard-Fheis i 1915 i nDún Dealgan. Faoin am sin, bhí go leor ball den IRB tar éis clárú leis an Chonradh agus d’éirigh leo roinnt mhaith rún a rith a laghdaigh an stádas ‘neamhpholaitiúil’ a bhí ag an Chonradh. D’éirigh Dubhghlas de hÍde as uachtaránacht na heagraíochta mar agóid. Píosa staire nach bhfuil, b’fhéidir, ar eolas go forleathan ná go raibh an scaradh céanna sa Chonradh anois in Albain ocht mbliana roimhe.


Tugadh bunreacht nua isteach in 2008 nach raibh tagairt ann d’athaontú na tíre agus deirtear gurb é an uair sin ‘a fuarthas réidh’ leis an pholaitíocht san eagraíocht. Sin ráite bíonn ‘obair pholaitiúil’ ar bun ag an Chonradh in Éirinn gach lá agus iad ag iarraidh níos mó aitheantas nó tacaíocht don Ghaeilge ó na rialtais, ó theas agus ó thuaidh.


Cad é a tharlóidh anois? Bhuel, ní leagtar aon dualgas ná aon oibleagáid ar leith ar na craobhacha faoi na rúin seo, ach glactar leis go mbeidh spiorad na rún i ngníomhartha na heagraíochta amach anseo.


Cad é mo bharúil féin faoi seo uilig? Bhuel, is ceist casta é seo gan amhras agus níl an spás ann anseo chun gach pointe a phlé anseo—d’fhéadfainn colún a scríobh gach mí ar feadh na mblianta faoin teanga agus faoi chúrsaí polaitíochta a bhaineann léi, beag agus mór. Mar rud praiticiúil rachaidh muid ar aghaidh ag cur chun cinn na Gaeilge agus cultúr agus oidhreacht na hÉireann anseo. Tá áit agus fáilte fá choinne gach duine san eagraíocht, cíbe cúlra ná seasamh polaitíochta atá acu. Tá tábhachtach na Gaeilge thar aon rud eile.


Clár raidió nua i nGaeilge i nGlaschú anois: Cluas Oscailte ar Celtic Music Radio (www.celticmusicradio.net & 95FM), gach Dé Céadaoin, 6-7 in



Comments


Commenting on this post isn't available anymore. Contact the site owner for more info.
  • White Facebook Icon

© 2025 by The Irish Voice

bottom of page